Léann na Gaeilge in Aberystwyth

Caerwyn Williams - The Irish Literary Tradition 1

Bhronn Rialtas na hÉireann dámhachtain ar Roinn na Breatnasie agus an Léinn Cheiltigh le déanaí chun tacú le teagasc na Gaeilge san Ollscoil. Cuirfear deontas de 93,000EUR ar fáil d’Ollscoil Aberystwyth as seo go ceann trí bliana chun cur le teagasc na Nua-Ghaeilge san Ollscoil. Anuas ar theagasc na Gaeilge in Ollscoil Abersytwyth féin, úsáidfear an dámhachtain chun roinnt scoláireachtaí teanga a chur ar fáil a chuireas ar chumas na mac léinn freastal ar chúrsaí Gaeltachta sa samhradh.

Cuid lárnach d’obair Roinn na Breatnasie agus an Léinn Cheiltigh is ea Léann na Gaeilge. Is í Aberystwyth an t-aon ollscoil sa Bhreatain inar féidir staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge mar ábhar céime. Cuid lárnach den chéim sa Léann Ceitleach í an Ghaeilge agus bíonn tóir uirthi mar ábhar roghnach ag mic léinn na Breatnasie agus mic léinn eile nach iad chomh maith. Is fada siar a théann traidisiúin Léann na Gaeilge in Aberystwyth agus is buanaí agus is lárnaí anseo í ná áit ar bith eile sa Bhreatain. Is iomaí leabhar taighde atá foilsithe ag foireann na Roinne in imeacht na mblianta ach is dócha gurb é Traidisiúin Liteartha na nGael le J. E. Caerwyn Williams an ceann is mó díol, leabhar a foilsíodh sa Bhreaatnais, sa Bhéarla agus sa Ghaeilge. Príomhthéacsleabhar ar litríocht na Gaeilge is ea Traidisiúin Liteartha na nGael in ollscoileanna na hÉireann go fóill. Bhí Williams ina Ollamh le Gaeilge in Aberystwyth ó 1965 go dtí 1979. Le blianta beaga anuas, tá caidreamh á chothú idir an Roinn agus grúpaí teanga ar fud na Breataine Bige agus i Sasana. Tugann baill na Roinne lámh cúnta do ghrúpaí éagsúla foghlaimeoirí atá lonnaithe i Manchain, i Londain agus i mórcheantar Birmingham.

Is é a dúirt, Peadar Ó Muircheartaigh, Léachtóir leis an Léann Ceilteach, agus an dámhachtain seo á fógairt: ‘Aitheantas atá sa sa dámhachtain seo ar an ardphróifíl atá cothaithe agus ar an dianobair atá déanta ag comhleacaithe anseo in Aberystwyth in imeacht na mblianta maidir le léann agus teagasc na Gaeilge. Is í an cháil seo, agus stádas Abersytwyth mar cheantar ina bhfuil an Bhreatnais á labhairt go láidir, a fhágann Aberystwyth ar cheann de na roghanna is fearr le mic léinn an Léinn Cheiltigh’.

Is é a dúirt Cathryn Charnell-White, Ceann Roinn na Breatnaise agus an Léinn Cheiltigh ‘Tá áthas ar leith orainn go mbeidh ar ár gcumas scoláireacht ainmnithe a chur ar bun, rud a bheir seans do mhic léinn dul i dtaithí ar an nGaeilge sa Ghaeltacht, agus an taithí sin a thabhairt abhaile leo chuig Abersytwyth’.

Cuirfear tuilledh sonraí i dtaobh na scoláireachtaí ar fáil in am trátha.

Sylwadau ar gau.